Achoimre ar ‘Taobh Daonna na nDaoine’
Teoiric na Comhéisteachta Athmheasúnaithe
le Harvey Jackins
arna achoimhriú ag Victor Nicassio
Mí na Samhna 2014
Réamhrá - Leis an teoiric seo, cuirtear réiteach i láthair ar bhunfhadhb neamhréasúnacht an duine.
Is fadhb é seo a chuireann bac ar dhul i ngleic leis na príomh-shaincheisteanna eile atá roimh an saol anois.
Cabidil 1 - Tugann an leabhar seo tuairisc ghairid ar conas a fheidhmíonn duine daonna i réimse tábhachtach: freagairt an duine ar an timpeallacht.
Cabidil 2 - Tá daoine níos cosúla le neacha beo eile ó thaobh a bhfreagairtí gníomhacha ar an timpeallacht ná atá siad le damhna neamhbheo atá éighníomhach go foriomlán maidir lena thimpeallacht.
Caibidil 3 - Tá daoine éagsúil ó gach neach beo eile maidir leis an gcineál freagairtí gníomhacha a dhéanann siad ar an timpeallacht.
Ní féidir le gach neach beo, cé is moite de dhaoine, freagairt go gníomhach ar an timpeallacht ach ar bhonn patrúin fhreagairtí réamhshocraithe (instinní).
Tá an duine daonna difriúil.
Tá an cumas ag daoine daonna freagairt nua, uathúil a chruthú agus a úsáid ar gach cás nua, uathúil ar a dtagann siad (is é seo sainmhíniú na hintleachta é).
Caibidil 4 - De réir dealraimh, feidhmíonn an cumas speisialta daonna dár gcuid (intleacht) mar a leanas:
1) Faightear eolas ón timpeallacht trínár gcéadfaí;
2) Déantar comparáid idir an t-eolas nua agus eolas atá inár gcuimhne a bhfuil tuiscint air cheana féin, agus tugtar cosúlachtaí faoi deara;
3) Ag an am céanna, cuirtear an t-eolas nua i gcodarsnacht leis an eolas inár gcuimhne, tugtar na difríochtaí faoi deara, agus tuigtear an t-eolas nua i ndáil le heolas eile;
4) Bunaithe ar an tuiscint nua seo, cruthaítear freagairt nua, chruinn atá oiriúnach do na cúrsaí reatha chomh fada agus is féidir leis an eolas atá ar fáil;
5) Ansin stóráiltear an t-eolas nua ón gcúrsaí reatha mar ábhar úsáideach lenar féidir eispéiris amach anseo a mheas.
Caibidil 5 - Tá an intleacht sholúbtha seo ag gach duine i méid an-mhór.
An duine a bhfuil cuma an ‘ghiniais’ uirthi, is duine í a raibh in ann cuid mhór dá hintleacht sholúbtha a choinneáil i bhfeidhm de bharr a cúinsí, nuair a cuireadh srianta ar intleacht sholúbtha na ndaoine uile timpeall uirthi.
Caibidil 6 - Sa chaibidil seo cuireann Harvey Jackins léaráid i láthair chun intleacht mhór mhillteanach an duine a léiriú.
Caibidil 7 - Déantar cur síos sa chaibidil seo ar shaintréithe dúchasacha daoine daonna.
Chomh maith le hintleacht ollmhór, tá bealach nádúrtha mothúcháin ag daoine.
Bíonn flosc nádúrtha ar dhaoine agus bíonn siad in ann an-taitneamh a bhaint as an saol.
Tá caidreamh nádúrtha idir daoine freisin.
Is é an caidreamh nádúrtha idir aon bheirt taitneamh a bhaint as cion ar dhuine eile, taitneamh a bhaint as cion ag duine eile ortsa, taitneamh a bhaint as cumarsáid le duine eile agus as comhar le duine eile.
Ní dúchasacha ach faighte iad an chuid eile d’iompar an duine agus a bheith ag mothú go bhfuil muid scartha ó na saintréithe sin (neamhréasúnacht agus pian) - is mar gheall ar rud éigin a chuaigh in aimhréidh é sin.
Caibidil 8 - Is é an rud a théann in aimhréidh ná go ngortaítear muid, go mothúchánach nó go fisiciúil.
Agus muid i bpian, go mothúchánach nó go fisiciúil, téann ár n-intleacht sholúbtha níos moille nó stadann sí ag feidhmiú.
Ní hé sin ach tús an phróisis a chuireann isteach le feidhmiú ár n-intinní.
Caibidil 9 - Le linn eispéireas cráite, ní stadann an t-eolas a thagann isteach san intinn trí na céadfaí.
Nuair nach bhfeidhmíonn ár n-intleacht go maith mar gheall ar ár gcrá, déantar an t-eolas sin a stóráil go mícheart ar bhealach an-éagsúil leis an eolas ó eispéireas nach mbaineann le crá.
Is féidir cur síos a dhéanamh ar an eolas a stóráladh go mícheart ar bhealaí éagsúla.
1) Tagann an t-eolas a stóráladh go mícheart chun cinn mar dholúbthacht i smaoineamh, iompar, mothúcháin agus dearcaí an duine agus cuma air nach bhfuil ciall leo san am i láthair.
2) Níl an t-eolas ó eispéireas cráite ar fáil don intinn giota ar ghiota ach i bpíosa mór amháin – nach meastar, nach dtuigtear agus anois is arís nach gcuimhnítear.
3) Gníomhaíonn an t-eolas a stóráladh go mícheart amhail is gur taifeadadh an-chruinn, mionsonraithe, agus iomlán ar gach rud a tharla le linn an eispéiris phianmhair, agus na mothúcháin chráite agus an t-éagumas smaoinimh san áireamh.
Caibidil 10 - Is é an chéad drochthoradh a bhaineann leis an eolas a stóráladh go mícheart ná nach bhfuil cuid dár n-intleacht ollmhór ag feidhmiú. Agus go leor eispéiris chráite á gcarnadh, tagann meath ar ár n-inniúlacht smaoinimh.
Caibidil 11 - Tá drochthoradh eile ann a bhaineann leis an eolas a stóráladh go mícheart.
Nuair atá eispéireas nua os ár gcomhair atá sách cosúil leis an eispéireas cráite taifeadta, mothaíonn muid go dtugtar orainn go héigníoch déileáil leis trí iarracht a dhéanamh an seaneispéireas cráite a athléiriú.
Is é sin le rá, nuair a chuireann rud éigin san am i láthair eispéireas cráite a tharla roimhe seo i gcuimhne dúinn, bíonn tarraingt ann na mothúcháin chráite chéanna mar a bhí ann san am atá caite a mhothú agus na dearcaí agus na gníomhaíochtaí céanna a ghlac muid ag an am sin a ghlacadh arís, cé go bhfuil cúrsaí athraithe.
Caibidil 12 - Le linn athspreagtha stóráiltear an t-eolas ón eispéireas reatha atá ag teacht isteach an intinn go mícheart freisin.
Is í an éifeacht go bhfásann an patrún dolúbtha.
Tá claonadh sa duine ansin éirí suaite ar bhealach níos éasca, mar gheall ar níos mó rud, níos minice, níos doimhne, agus ar feadh tréimhsí níos faide.
Caibidil 13 - Sa chaibidil seo déantar cur síos ar thús an damáiste go luath i saol an duine. I dtús ár saoil tá muid leochaileach agus gortaítear arís agus arís eile muid, trí phatrúin chráite na ndaoine fásta timpeall orainn go príomha.
Caibidil 14 - Agus muid inár ndaoine fásta, is é toradh an phróisis damáiste seo go n-úsáideann muid b’fhéidir deich faoin gcéad dár n-intleacht agus dár n-inniúlachtaí daonna.
Clúdaítear an nócha faoin gcéad eile le patrúin chráite agus eolas a stóráladh go mícheart.
Is patrúin ‘uaineacha’ iad a fhormhór.
Cuireann siad srian ar inniúlacht an duine dhaonna agus íslíonn siad a hacmhainneacht / a acmhainneacht, ach níl an lámh in uachtar acu ar a hiompar / a iompar ná ar a mothúchán / a mhothúchán ach amháin nuair atá siad athspreagtha trí chúrsaí áirithe ina timpeallacht / ina thimpeallacht.
Ní oibríonn na taifeadtaí seo go dtí go gcuirtear an t-eispéireas cráite a tharla cheana an iomarca i gcuimhne don duine.
Caibidil 15 - I gcás gach aon duine fásta, rinneadh dóthain athspreagtha ar roinnt taifeadtaí go dtí go n-éiríonn siad ainsealach.
Tá an lámh in uachtar acu ar ár smaoineamh, ár n-iompar, ár meonta agus ár mothúcháin an t-am ar fad.
Níl an duine solúbtha agus éirimiúil ach amháin ar bhealaí nach gcuireann an bhréag ar an bpatrún ainsealach.
Déanann muid na patrúin ainsealacha seo a chosaint agus measann muid gur ‘pearsantachtaí’ nó ‘nósanna pearsanta’ iad.
Chun duine a scaoileadh saor ó phatrún ainsealach tá níos mó oibre agus seiftiúlachta ag teastáil ná mar atá le patrún uaineach.
Caibidil 16 - Mínítear leis an teoiric seo cén fáth a iompraíonn daoine iad féin go neamhréasúnach.
Níl aon drochdhuine ann.
Is maith iad gach uile dhuine.
Seandíobhálacha le linn shaol an duine nár cneasaíodh go fóill is cúis le neamhréasúnacht dhaonna.
Caibidil 17 - Ní gá go n-éireodh daoine cráite agus neamhréasúnach.
Is féidir daoine óga a chosaint ar fhormhór na n-eispéireas cráite agus cuidiú leo iad féin a scaoileadh saor ó na heispéiris chráite a tharlaíonn.
Is rud simplí agus soiléir é seo, cé nach mbeidh sé éasca é a bhaint amach.
Tá neart crá againn mar dhaoine fásta a chuireann isteach ar ár gcumas cuidiú le daoine óga a gcuid díobhálacha a scaoileadh amach agus cinn nua a sheachaint.
Mar sin féin, is féidir le daoine fásta nach bhfuil ach beagáin eolais agus tuisceana acu difríocht mhór a dhéanamh i saol daoine óga.
Caibidil 18 - Is féidir an próiseas damáiste agus caillteanais ó eispéiris chráite a chur ar mhalairt treo agus an intleacht agus na hinniúlachtaí caillte a fháil ar ais.
Tá próiseas nádúrtha leighis ag daoine daonna (crá a scaoileadh amach).
Tá cineálacha éagsúla scaoilte amach ann (a léirítear le caoineadh, croitheadh, gáire, fearg a léiriú, méanfach, agus caint lena léirítear spéis agus nach bhfuil athráiteach.) Leis an scaoileadh amach taosctar an crá ón iarmhairt a stóráladh go mícheart de dhrocheispéireas.
Agus an duine gortaithe, chasfadh sí/sé thart ó nádúr i leith duine fásta aireach agus thosódh sí/sé an crá a scaoileadh amach go spontáineach go dtí go dtaoscfar an crá go hiomlán.
Tar éis di/dó an crá a scaoileadh amach stóráiltear i gceart an t-eolas a stóráladh go mícheart agus tuigtear an t-eispéireas cráite go soiléir (tugann muid athmheasúnú ar an dá chéim dheireanacha den phróiseas leighis seo). Ní spreagfaidh eachtraí cosúla an taifeadadh nach bhfuil ann a thuilleadh.
Ansin beidh níos mó intleacht an duine ar fáil le feidhmiú arís.
Caibidil 19 - Patrúin ag a bhfuil smacht ar an scaoileadh amach, cuireann siad isteach ar an bpróiseas leighis.
Ar dtús, scaoileann daoine uile amach sna bealaí spontáineacha seo. Ach tá gá le haird fheasach ó dhuine eile chun an próiseas a thabhairt chun críche.
Tá na patrúin seo a chuireann isteach ar an scaoileadh amach i ngach cultúr agus tagann siad anuas ó ghlúin go glúin.
Caibidil 20 - Bíonn daoine de shíor ag lorg airde ó dhaoine eile agus ag déanamh iarracht scaoileadh amach agus teacht ar ais ar a seanléim, ach is minic a chuirtear ó rath na hiarrachtaí sin toisc go mbíonn daoine eile ag lorg airde freisin agus in amanna is deacair dóibh aird a thabhairt.
Caibidil 21 - Is cosúil nach gcailleann daoine an cumas teacht ar ais ón gcrá, cé is moite de dhamáiste a d’fhéadfadh a bheith ann san inchinn nó in orgáin eile a bhaineann le scaoileadh amach agus athmheasúnú.
Glacann muid leis gur féidir téarnamh iomlán ón gcrá a dhéanamh.
Is sásúil agus fiú í gach céim a thógann duine sa treo seo – cuireann sí le taitneamh a bhaint as ár saol.
Caibidil 22 - Tá beirt in ann cuidiú le chéile na díobhálacha a leigheas agus a n-intleacht dúchasach agus acmhainneachtaí daonna eile a fháil ar ais.
Tá siad in ann é seo a dhéanamh trí éisteacht lena chéile ina seal agus trí chúnamh a thabhairt don phróiseas scaoilte amach agus athmheasúnaithe.
Féadann daoine foghlaim conas rath a bhaint amach as an bpróiseas seo i ranganna buneolais agus trí pháirt leanúnach a ghlacadh i bPobail Comhéisteachta Athmheasúnaithe.
Caibidil 23 - Tá impleachtaí tábhachtacha ag fás na gluaiseachta seo don chine daonna agus do théarnamh réasúntachta daonna ar fud an domhain.
Caibidil 24 - Sa chaibidil seo cuirtear in iúl an dul chun cinn a rinne Comhéisteacht Athmheasúnaithe trí bliana déag tar éis dó ‘Taobh Daonna na nDaoine’ a fhoilsiú an chéad uair.
Caibidil 25 - Sa chaibidil seo cuirtear in iúl dul chun cinn leanúnach Comhéisteachta Athmheasúnaithe naoi bliana is fiche tar éis dó ‘Taobh Daonna na nDaoine’ a fhoilsiú an chéad uair.