Conas ‘Comhéisteacht Athmheasúnaithe’ a Thosú
Má chuala tú faoi Chomhéisteacht Athmheasúnaithe (‘CA’) agus na buntáistí a bhaineann lena húsáid i do shaol, agus tú ar bís triall a bhaint aisti, cuideoidh an méid seo a leanas leat.
Ina bhunfhoirm, is éard atá sa chleachtas Comhéisteachta ná beirt ag éisteacht lena chéile ina seal. Tá sé cosúil le comhrá, ar bhealach, ach tá sé éagsúil chomh maith. Is sórt éisteachta é atá níos cúramaí agus níos éifeachtaí. Tá muid ag caint ar a bheith ag éisteacht agus aird a thabhairt ar a gcloiseann tú. Is éard atá ann ná a bheith ag smaoineamh faoin duine atá á rá, agus ag smaoineamh faoina bhfuil á rá aige nó aici, gan bhriseadh isteach ar an éisteacht trí mholtaí nó barúlacha a chur ar fáil, ach a bheith ag éisteacht go díograiseach agus é sin amháin.
AN ÉISTEACHT A ROINNT EADRAIBH
Tá sé deas simplí tús a dhéanamh air. Ní theastaíonn ach beirt. Tar ar chara (nó ar chomhghleacaí nó ar chéile) a bhainfidh triall as i gcomhar leat. Déanaigí comhaontú go n-éistfidh sibh lena chéile in bhur seal gan bhriseadh isteach ar feadh an méid ama céanna, agus déanaigí comhaontú ar an méid ama a bheidh i gceist. Ansin déanaigí cinneadh cé agaibh a bheidh ag éisteacht ar dtús. Labhraíonn an duine eile ansin faoi pé rud is mian leis nó léi. Ní dhéanann an éisteoir ach aird a thabhairt agus ní bhriseann sí/sé isteach ná ní thugann sí/sé comhairle ná barúil ná ní insíonn sí/sé conas a mhothaíonn sí/sé.
Tar éis an t-am a bhí aontaithe, éiríonn an cainteoir ina éisteoir, agus labhraíonn an duine a bhí ag éisteacht ar dtús faoi pé rud is mian leis nó léi.
Is malartú cothrom é. Níl ceachtar acu faoi chomaoin ag an duine eile. Ina dhiaidh sin, is iondúil go mbíonn brí agus beocht sa bheirt agus go mbíonn siad in ann smaoineamh ar bhealach níos éasca. Tá spraoi ann chomh maith.
Is maith é seo a dhéanamh nuair a bhíonn seans agat. Agus sibh ag éisteacht sa chaoi sin arís agus arís eile, cuireann sibh aithne níos fearr ar a chéile agus tagann gean níos mó agus níos mó agaibh ar a chéile.
Téann do chumas éisteachta i bhfeabhas freisin. Dá mhéad a bhaineann tú úsáid as is ea is mó éifeachtacht a thagann ar an bpróiseas ina iomláine.
D’fhéadfadh ‘sealanna’ nó ‘seisiúin’ a bheith chomh fada nó chomh gearr leis an t-am atá agat ina leith. D’fhéadfadh fiú cúpla nóiméad roinnte le do Chomhéisteoir an-difríocht a dhéanamh do do chumas smaointeoireachta agus feidhmithe, agus tá dhá uair an chloig roinnte níos fearr fós.
DO CHUID MHOTHÚCHÁIN A ‘SCAOILEADH AMACH’
Uaireanta tosóidh an duine atá ag caint (an ‘cainteoir’ nó an ‘cliant’) a bheith ag gáire nó ag caoineadh nó ag labhairt go hard, nó in amanna a bheith ar croith nó a bheith ag méanfach. Tá sé sin go diail. Ní chiallaíonn sé sin ach go bhfuil an duine suaite faoi rud éigin, b’fhéidir go bhfuil náire nó brón nó eagla nó míchompord fisiciúil uirthi nó air, agus tá an teannas á scaoileadh aici nó aige sa chaoi sin. Tá sí nó sé ‘ag fáil réidh leis an náire’, ‘ag fáil réidh leis an mbrón’, ‘ag fáil réidh leis an eagla’. Uaireanta tugann muid ‘scaoileadh mothúchánach’ ar aon scaoileadh teannais den sórt sin. D’fhéadfadh an duine atá ag éisteacht (an ‘éisteoir’) a bheith sásta agus ina suaimhneas má tharlaíonn sé sin, agus leanúint ar aghaidh d’aird a thabhairt ar an gcliant gan iarracht a dhéanamh an scaoileadh mothúchánach atá ag tarlú a stopadh. Má chuireann an cliant deireadh lena chuid nó lena cuid scaoilte mhothúchánaigh féin, d’fhéadfadh an t-éisteoir é nó í a chur ar a suaimhneas go bhfuil sé go maith leanúint ar aghaidh.
CÉARD A CHEAPANN TÚ?
Seo é bunsmaoineamh Comhéisteachta – beirt ag éisteacht lena chéile ina seal. Agus an t-eolas sin agat agus é sin á dhéanamh agat, d’fhéadfá athruithe an tsaoil a dhéanamh.
Má tá an t-alt seo á léamh agat in éineacht le duine eile, d’fhéadfaí go mba mhian libh stopadh agus iarracht a dhéanamh éisteacht lena chéile, 10 nóiméad an duine. Ina dhiaidh sin, insígí lena chéile faoi bhur mbarúlacha.
Agus ‘Comhéisteacht’ déanta agat leis an duine céanna cúpla uair, ba chóir daoibh plé a dhéanamh faoi agus sibh a chur in iúl céard a cheapann sibh faoin eispéireas. Conas a thaitníonn sé leat duine a bheith ag éisteacht leat gan bhriseadh isteach? Ar bhain tú sult as? Conas a thaitníonn sé leat a bheith ag éisteacht gan bhriseadh isteach?
Ar mhaith leat leanúint ar aghaidh leis sin? Is féidir leat níos mó a léamh sa leabhrán seo chun eolas breise a fháil conas é a dhéanamh go sásúil.
CÉARD ATÁ LE DÉANAMH I SEISIÚN
Is minic a thugtar ‘seisiún’ ar thréimhse a chaitheamh ag éisteacht lena chéile gan bhriseadh isteach. Tá roinnt rudaí thíos gur féidir leat triall a bhaint astu i do chuid seisiún.
‘‘Cúrsaí nua is dearfacha’
D’fhéadfá an seisiún s’agat mar chliant a thosú trí rudaí ‘maithe’ a tharla le déanaí, bíodh siad beag nó mór, a insint do do chomhéisteoir. Dul faoi na gréine gleoite a bhfaca tú aréir, b’fhéidir, nó post nua, nó fadhb a réitigh tú an tseachtain seo caite. Is é atá i gceist ná deis a thabhairt duit féin na rudaí atá ag éirí go maith a thabhairt faoi deara. (Is smaoineamh maith é go háirithe má thagann lagmhisneach ort. Cuireann sé i gcuimhne duit gur féidir nach bhfuil rudaí chomh dona agus a mhothaíonn siad.) Tarlaíonn sé go gcaitheann daoine a seisiúin Chomhéisteachta iomlána ag insint ‘rudaí nua is dearfacha’ agus imíonn siad ag mothú i bhfad níos dearfaí agus ag smaoineamh ar bhealach níos soiléire.
Buarthaí le déanaí
Má tharla rud éigin le déanaí a chur buairt ort, is áis mhaith é seisiún Comhéisteachta chun é a labhairt faoi. D’fhéadfá a oiread agus is mian leat a insint, agus d’fhéadfá é a insint uair amháin nó arís agus arís eile. Is dócha go bhfaighfeá amach go laghdaíonn na fadhbanna s’agat de réir cosúlachta má tá deiseanna agat caint fúthu gan duine ag triall comhairle a thabhairt duit ná iad a réiteach ar do shon. Gheobhaidh tú amach, níos minice ná a mhalairt, gur féidir leat smaoineamh ar réiteach maith má thugann duine cluas éisteachta duit, duine a léiríonn muinín asat agus tú suaite agus ag caint ar an bhfadhb.
Trioblóidí ón Am atá Caite
Má úsáideann tú do sheal mar chliant chun labhairt faoi rud éigin atá ag cur as duit, is féidir leat uaireanta, agus deis agat labhairt faoin mbuairt ar feadh tréimhse, ceist a chur ort féin (nó is féidir leis an gcomhéisteoir an cheist a chur ortsa), ‘Céard é a gcuireann na cúrsaí seo nó an mothúchán seo i gcuimhne duit? Cathain a mhothaigh tú mar seo roimhe seo?’ Is beagnach i gcónaí a smaoineoidh tú ar chúrsaí éigin ón am atá thart a ghortaigh tú nó a chuir isteach ort ar bhealach comhchosúil. Beidh sé soiléir go maireann seanmhothúcháin ón am sin fós i d’intinn, rud a chuireann níos mó mearbhaill agus drochmhothúchán le cúrsaí mar atá faoi láthair ná a bheadh ann seachas sin. Más féidir leat labhairt faoin gcás níos luaithe, céard a tharla ansin, conas a mhothaigh tú, conas a dhearna sé difear duit, is féidir cuid de na drochmhothúcháin sin a scaoileadh amach, agus beidh dearcadh úr agat ar an deacracht atá os do chomhair faoi láthair.
Scéalta Beatha
Má thagann tú isteach sa seisiún mar chliant agus dealraíonn sé nach bhfuil rud ar bith agat maidir leis an saol mar atá a dteastaíonn uait labhairt faoi, déan iarracht do scéal beatha a insint. Is beag duine a raibh seans acu scéal iomlán a mbeatha a insint, agus teastaíonn ó chuile dhuine é a dhéanamh. Agus tú ag insint scéal do bheatha, is cosúil go mbeidh tábhacht níos mó ag baint le heachtraí áirithe ó thaobh a dtionchar ort, bíodh sé dearfach nó diúltach, ná a bhaineann le heachtraí eile. Is fiú teacht ar ais chuig na heachtraí sin agus labhairt fúthu arís agus arís eile i seisiúin Chomhéisteachta. D’fhéadfadh sé difríocht an-mhór a dhéanamh i do smaoineamh dá mbeadh deis agat athbhreithniú a dhéanamh orthu arís agus arís eile, in éineacht le duine a bhfuil ag fíoréisteacht leat. Drochmhothúcháin fágtha ó shean-eispéiris ghoilliúnacha (lena n-áirítear eispéiris a cheap tú gur fágadh i do dhiaidh iad), féadann siad teacht go dtí an dromchla agus scaoileadh amach, rud a fhágann go mbeidh coiscéim níos aeraí leat agus smaointí níos saoire. Agus iad á n-athbhreithniú in éineacht le haird éisteora mhaith, d’fhéadfadh dea-eispéiris cuidiú freisin le drochmhothúcháin ó sheantréimhsí deacra a scaoileadh amach, agus d’fhéadfadh sé seo cuidiú leat dearcadh dearfach a fháil ar ais.
Féin-mheas
Ar an mórgóir rinneadh beag is fiú dínn nó tugadh drochíde dúinn sa mhéid go bhfuil sé deacair dúinn anois aireachtáil go maith ionann féin. Cuireadh ‘locht’ orainn as rudaí agus ár ndícheall á dhéanamh againn. Dúradh roinnt mhaith rudaí bréagacha linn. Dúradh linn más maith linn muid féin, is daoine ‘postúla’ muid agus níor cheart dúinn a aireachtáil go maith ionann féin. Ní fíor é sin. Teastaíonn ó dhaoine aireachtáil go maith iontu féin. Nuair a airíonn muid go maith ionann féin, caitheann muid níos fearr le daoine eile, ní chaitheann muid níos measa leo.
I seisiún Comhéisteachta agus tú i do chliant, inis do d’eisteoir cad é fút féin a thaitníonn leat. Inis dó nó di de ghlór a bhfuil cuma air go bhfuil tú bródúil asat féin (gan a bheith ‘mórchúiseach’, ach bródúil amháin). Inis é sin do d’eisteoir arís agus arís eile. Is féidir go mbeadh sé deacair duit, ach coinnigh ort. Ná cuir bac gáire nó caointe nó scaoilte amach de chineáil ar bith leat féin. Déan iarracht meas a bheith agat ort féin as gach uile rud fút féin (GACH UILE RUD). Agus tú ag tabhairt faoi deara go bhfuil rudaí ar leith níos deacra meas a bheith agat orthu (an chuma atá ort nó cé chomh héirimiúil agus atá tú), cuir béim léirthuisceanach ar na rudaí sin. Is dócha go mbeidh cuimhne agat ar eachtraí ón saol lenar cáineadh tú, nó cuireadh milleán ort, nó tugadh drochíde duit. Beidh sé go maith súil a chaitheamh ar na heachtraí sin agus a bheith ag caint fúthu i seisiún éisteachta agus tú i do chliant.
Spriocanna
Éireoidh an saol níos fearr má tá spriocanna á socrú agat, nó má dhéanann tú athbhreithniú ar dhul chun cinn na spriocanna atá socraithe agat cheana féin. Is rud fónta é sin a dhéanamh agus tú i do chliant i seisiún Comhéisteachta. Bí ag caint trí na tréimhsí éagsúla i do shaol, ag déanamh cinntí trialacha faoina dteastaíonn uait a bhaint amach amárach, an tseachtain seo chugainn, i mbliana, sna céad chuig bliana eile, sna céad fiche bliain eile, i do shaol as seo amach. Agus tú ag caint ar gach aon tréimhse amach anseo, féadfaidh tú machnamh a dhéanamh ar na céimeanna ba chóir a dhéanamh chun na spriocanna sin a bhaint amach.
Agus athbhreithniú á dhéanamh ó am go chéile agat ar na spriocanna agus aon bhac a d’fhéadfadh a bheith ann, cabhraíonn sé leat iad a bhaint amach.
Ligean don Scaoileadh Mothúchánach Leanúint Ar Aghaidh
Má tá tú ag labhairt faoi rud éigin mar chliant agus tagann caint bhríomhar, gáire, deora, croitheadh, allas, nó méanfach mar thoradh air (saghas scaoilte mhothúchánaigh iad uile), ná téigh chuig rud éigin eile faoi dheifir. Déan iarracht na rudaí faoina raibh ag rá nó á ndéanamh agat arís agus arís eile go dtí nach bhfuil tú ag scaoileadh amach a thuilleadh. Is fiú é sin a dhéanamh arís agus arís eile chomh fada agus is féidir. Eascraíonn na buntáistí is mó ón gComhéisteacht tar éis an scaoilte teannais sin. Fágann siad gur féidir smaoineamh agus gníomhú ar bhealaí a bhí srianta roimhe sin.
Seisiún a Chríochnú
Ag deireadh seisiúin Chomhéisteachta, go háirithe tar éis duit labhairt faoi rud atá deacair duit, tóg cúpla nóiméad chun do chuid smaointe a atreorú ar rud éigin atá tú ag súil leis, nó ar ábhar simplí nach bhfuil teannas ort ina leith, ainmneacha roinnt cairde, mar shampla, nó bianna is fearr leat, nó radharc tíre a thaitníonn leat breathnú air. Fágann sé gur féidir athrú réidh a dhéanamh ó chliant go comhéisteoir más leatsa an seal é sin a dhéanamh, nó go gníomhaíochtaí eile.
Ionas go mothaíonn gach duine sábháilte a bheith ag labhairt faoi rud ar bith a theastaíonn uathu, beidh sé níos fearr aontú nach labhrófar faoi le haon duine eile as seo amach. Ná déan dearmad freisin go gcuireann alcól agus drugaí isteach ar éifeachtaí maithe an scaoilte mhothúchánaigh.
GRÚPAÍ TACAÍOCHTA
Oibríonn sé go maith freisin grúpa beag daoine a bhailiú le chéile agus iad ag éisteacht lena chéile ina seal. (In CA tugtar ‘grúpa tacaíochta air sin.) Bíonn an méid ama céanna ag gach duine, a bheag nó a mhór, chun bheith ag caint agus na daoine eile sa ghrúpa ag éisteacht.
Feidhmíonn duine amháin mar cheannaire an ghrúpa chun cuidiú leis an ngrúpa cinneadh cá mhéad ama a bheith ag gach duine, cé leis an chéad seal, agus araile. Nuair a bheidh a sheal nó a seal mar chliant ag gach duine, is féidir an grúpa a chríochnú le seans ag gach duine a rá céard a thaitin leis nó léi faoina bheith páirteach i gcruinniú an ghrúpa nó faoi rud lena bhfuil sí nó sé ag súil.
Is féidir le grúpaí tacaíochta teacht le chéile chomh minic agus is mian le baill an ghrúpa. D’fhéadfaí gur grúpa cairde, comhghleacaithe, comharsan, nó daoine a bhfuil cúlra nó spéis den sórt céanna acu sa ghrúpa. Is minic i gcásanna ina mbíonn rud éigin mar an gcéanna idir daoine go mothaíonn siad níos sábháilte labhairt faoi rudaí a dteastaíonn uathu. Mar shampla, bhí grúpaí tacaíochta ann ina raibh mná, nó fir, nó tuismitheoirí, daoine óga, daoine den lucht oibre, daoine de ghrúpa eitneach nó reiligiúin áirithe, daoine faoi mhíchumas, ealaíontóirí, agus go leor eile nach iad.
Slí mhaith chun níos mó daoine a chur ar an eolas i dtaobh Comhéisteachta is ea cuireadh chun an ghrúpa a thabhairt do chairde. Má éiríonn an grúpa ró-mhór, is féidir é a roinnt agus grúpa eile a chruthú le ceannaire nua a roghnaítear don ghrúpa nua. Dealraíonn sé gurb é thart ar ochtar an méid is fearr don ghrúpa, ach d’fhéadfadh siad a fheidhmiú go maith agus iad níos lú nó níos mó.
Is struchtúr maith iad grúpaí tacaíochta chun daoine ó chúlra nó chás comhchosúil a úsáid chun labhairt faoina dtaitníonn leo a bheith istigh leis an ngrúpa nó faoina bhfuil siad bródúil as maidir leis na daoine ón ngrúpa sin. Áiseanna maithe iad grúpaí tacaíochta freisin chun labhairt faoina raibh deacair, na rudaí ar mian leo go dtuigfeadh daoine faoina ngrúpa, na húdair dóchais agus na haislingí atá acu ar son a ngrúpa, agus céard ba mhaith leo a dhéanamh i ndáil leis an ngrúpa sin.
Mar shampla, i ngrúpa tacaíochta na mban, bheadh seal ag gach bean insint céard a thaitníonn léi faoina bheith ina bean, céard a bhí deacair faoina bheith ina bean, céard ba mhaith léi go dtuigfeadh fir faoi mhná, conas ba mhaith léi feabhas a fheiceáil ar shaolta ban, agus conas ba mhaith léi dul i dteagmháil le mná eile.
MÁS MIAN LEAT NÍOS MÓ A FHOGHLAIM
Má dhéanann tú triall ar Chomhéisteacht agus cinneann tú go mbeadh fonn ort níos mó a fhoghlaim, is féidir leat dul i dteagmháil linn chun Comhéisteoirí eile gar duit a aimsiú. D’fhéadfá roinnt foilseachán tosaigh a ordú freisin. Roinnt léitheoireachta maithe is fearr tosú leo:
The Human Side of Human Beings (teoiric CA), $4 (SA) (ar líne)
The Fundamentals of Co-Counseling Manual (cleachtas tosaigh SA), $6 (US)
The Art of Listening (caint tosaigh faoi CA), $2 (SA)
An Introduction to Co-Counseling (tuairisc an-ghearr ar CA), $1 (SA)
The Human Situation (aistí faoi ábhair éagsúla), $6 (SA)
Present Time (irisleabhar ginearálta a fhoilsítear ceithre huaire sa bhliain), $5 (SA) (gné-ailt ó Present Time ar líne)
Tá CDanna agus DVDanna ar fáil freisin. (Tá gach uile cheann i mBéarla, ach tá tras-scríbhinní clóscríofa againn le haghaidh gach fístéipe.) Is féidir le duine éigin ag an bpríomhoifig insint duit cé acu ceann is fearr duit tosú leo.
Mura bhfuil sé ar d’acmhainn íoc as an litríocht, mínigh don oifig é agus cuir ceist an féidir le Cistí For-rochtana íoc as roinnt litríochta chun gur féidir leat tosú.
Má tá an-suim agat níos mó a fhoghlaim faoi CA agus aithne a bheith agat ar dhaoine eile a bhfuil an-fhonn orthu foghlaim, d’fhéadfadh muid múinteoir a sheoladh chuig bhur ngrúpa nó duine agaibh a thabhairt chuig ceardlann.
Tá neart eolais agus alt ar shuíomh gréasáin CA freisin. Má tá tú i limistéar nach bhfuil ranganna CA curtha ar fáil fós ach is féidir leat ceangal leis an idirlíon, d’fhéadfadh an Rang CA Ar Líne a bheith fóinteach.
Aithníonn daoine a bhaineann úsáid as Comhéisteacht Athmheasúnaithe go gcuidíonn sé leo smaoineamh níos fearr, feabhas a chur ar a gcuid chaidrimh, seasamh ar son na rudaí cearta, agus taitneamh breise a bhaint as an saol. Is iondúil go n-éiríonn Comhéisteoirí níos ‘éirimiúla’ de réir mar a úsáideann siad CA, agus éiríonn siad níos fearr é a úsáid. Múineann siad faoi CA do dhaoine eile agus múineann siad conas daoine eile a theagasc, sa chaoi go bhfuil a lán daoine ag baint úsáid as CA i roinnt áiteanna, ranganna agus ceardlanna á reáchtáil acu, ag foghlaim óna chéile, agus ag tabhairt tacaíochta agus spreagtha dá chéile.
Tá litríocht fhoilsithe againn i dtuairim is daichead teanga, arna scríofa ag Comhéisteoirí fud fad an domhain, ina bhfuil scéalta faoi conas CA a úsáid agus ina bhfuil eolas faoi dhaoine d’aoiseanna, cúlraí, agus cásanna éagsúla.
Tá roinnt bunrialacha agus tacar ‘Treoirlínte an Phobail‘ ann, a cuidíonn le Comhéisteoirí rudaí a choimeád dea-eagraithe.
Mór an t-ádh leat.